Eolas faoi EIGE
Cé muid?
Bunaíodh an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) siar sa bhliain 2010 chun an comhionannas inscne a neartú agus a chur chun cinn ar fud an Aontais.
Agus deich mbliana taithí aige i mbailiú sonraí, i stiúradh taighde agus i bhforbairt acmhainní, is é EIGE lárionad eolais an Aontais Eorpaigh don chomhionannas inscne.
An obair a dhéanaimid
Táimid ag obair chun comhionannas idir mná agus fir a thabhairt i réim san AE agus níos faide i gcéin. Teastaíonn uainn go mbeadh na deiseanna céanna ag gach duine, beag beann ar inscne.
Cothaíonn taighde EIGE tuiscint agus feasacht ar an gcomhionannas inscne i ngach réimse den saol.
Sainaithnímid bearnaí idir mná agus fir agus bailímid agus déanaimid anailís ar shonraí maidir leis an neamh-chomhionannas inscne. Trí eolas praiticiúil atá bunaithe ar fhianaise a sholáthar, tacaímid le lucht déanta beartas chun an Eoraip a thabhairt níos gaire don chomhionannas inscne agus chun saol na mban agus na bhfear araon a fheabhsú.
An fáth a bhfuil comhionannas inscne tábhachtach
Táimid fós beagnach 60 bliain ó ghnóthú iomlán an chomhionannais inscne i bhfianaise an luas an dul chun cinn atá bainte amach go dtí seo. Léirítear lenár nInnéacs Comhionannais Inscne go bhfuil feabhas ag teacht ar chúrsaí san Aontas Eorpach, ach go bhfuil sé an-mhall go deo.
Chonacthas dul chun cinn seasmhach beag le himeacht gach bliana, ach is bagairt don dul chun cinn sa chomhionannas inscne í paindéim an choróinvíris. Caithfidh lucht ceaptha beartas leas a bhaint as sonraí, as fianaise agus as acmhainní EIGE níos mó ná riamh chun réitigh chuimsitheacha a dhearadh agus a chur chun feidhme leis an gcomhionannas inscne a chur cinn inár sochaí, le linn na paindéime agus ina diaidh chomh maith.
An cineál oibre a dhéanaimid
Innéacs Comhionannais Inscne
Is uirlis thábhachtach um cheapadh beartais é an tInnéacs Comhionannais Inscne chun dul chun cinn sa chomhionannas inscne san Aontas Eorpach le himeacht ama a thomhas. Tugtar scór idir 1 agus 100 don Aontas Eorpach agus dá bhallstáit ann gach bliain. Chiallódh scór 100 gur bhain tír amach comhionannas iomlán idir mná agus fir.
Bíonn na scóir sin bunaithe ar na bearnaí idir mná agus fir agus ar na leibhéil ghnóthachtála i sé phríomhréimse: obair, airgead, eolas, am, cumhacht agus sláinte, agus a bhforéimsí. Áirítear dhá fhearann bhreise leis an Innéacs: foréigean i gcoinne na mban agus neamhionannais thrasnaíocha. Scrúdaítear san anailís ar neamhionannais thrasnaíocha an chaoi a dtrasnaíonn tosca amhail míchumas, aois, leibhéal oideachais, tír bhreithe agus cineál teaghlaigh leis an inscne chun bealaí éagsúla a chruthú i saol na mban agus na bhfear.
Tarraingítear aird san Innéacs ar réimsí ar gá feabhas a chur orthu trí anailís mhionsonraithe a chur ar fáil ar leibhéal AE agus ar leibhéal náisiúnta do lucht ceaptha beartas.
Is féidir leat na torthaí le himeacht ama a chur i gcomparáid a chéile agus aicmiú do thíre a fheiceáil ar ár láithreán gréasáin.
Fiosraigh an tInnéacs Comhionannais Inscne
Príomhshruthú inscne
Faightear inár nArdán Príomhshruthaithe Inscne gach pointe faisnéise agus gach acmhainn a bheidh uait chun inscne a chomhtháthú le do chuid oibre. Tarraingítear aird san ardán ar dhúshláin inscne thar 21 limistéar beartais, an comhshaol agus an cultúr ina measc. Tugaimid moltaí freisin maidir leis an gcaoi is fearr le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.
Tá go leor uirlisí praiticiúla forbartha againn chun cuidiú leat dearcadh inscne a chomhtháthú le do chur chuige ag gach céim den cheapadh beartais agus den phleanáil straitéiseach. Is lenár sraith straitéisí céim ar chéim a threorófar tríd an bpróiseas ullmhúcháin, dearthóireachta, cur chun feidhme, faireacháin agus meastóireachta ar bheartais, bearta rialála agus cláir chaiteachais buiséid thú. Cabhróidh siad leat d’eagraíocht a dhéanamh níos comhionainne ó thaobh inscne.
Fiosraigh an tArdán Príomhshruthaithe Inscne
Foréigean ar bhonn inscne
Is cúis leis an neamhionannas inscne é an foréigean ar bhonn inscne, agus is toradh é sin freisin ar an neamhionannas inscne. Is amhlaidh dá réir ar cuid thábhachtach dár gcuid oibre í acmhainní a sholáthar chun deireadh a chur leis. Soláthraímid taighde, staidrimh agus saineolas chun cuidiú leis an bhfadhb a thuiscint agus chun tuilleadh a fháil amach faoin gcaoi a dtéann sé i bhfeidhm ar ár sochaí. Táimid tar éis tabhairt faoi réimse leathan staidéar ceannródaíoch ar an bhforéigean ar bhonn inscne san Eoraip.
Cá mhéad a íocaimid go léir chun dul i ngleic leis an bhforéigean? Cén fáth a dteastaíonn uainn bailiú sonraí ó na póilíní agus ón gceartas a fheabhsú? An fadhb san Aontas Eorpach é ciorrú ball giniúna ban? An mbaineann fíorbhagairt leis an gcibearfhoréigean? Tiocfaidh tú ar fhreagraí na gceisteanna sin agus ar go leor eile nach iad inár dtaighde.
Féach saothar EIGE maidir leis an bhforéigean ar bhonn inscne
Bunachar Sonraí maidir le Staidreamh Inscne
Cé mhéad bean ar baill iad de bhord an chraoltóra phoiblí sa Phortaingéil? Cad é coibhneas na mban agus na bhfear ar choistí a bhaineann leis an gcomhshaol i bParlaimint na hEorpa? Cad é líon na mban sa Pholainn i gcomparáid le líon na bhfear?
Is mol é Bunachar Sonraí EIGE maidir le Staidrimh Inscne maidir leis an bhfaisnéis staitistiúil i dtaobh an chomhionannais inscne ar fud an Aontais Eorpaigh. Tugtar sonraí le chéile ann in aon uirlis idirghníomhach sho-úsáidte amháin. Téigh i muinín an bhunachair shonraí chun teacht ar na sonraí atá uait agus chun dearcthaí éagsúla orthu a fháil. Déanaimid ár mbunachar sonraí a nuashonrú ar bhonn leanúnach.
Fiosraigh Bunachar Sonraí maidir le Staidreamh Inscne
Clár Oibre Gníomhaíochta Bhéising
Is chun tacú le ceapadh beartais níos eolasaí ag leibhéal AE agus ag leibhéal na mballstát a sholáthraíonn EIGE tacaíocht d’Uachtaránachtaí Chomhairle AE.
Gach bliain, is féidir leis an tír atá i seilbh na hUachtaránachta iarraidh orainn súil níos géire a chaitheamh ar cheann amháin den dá réimse dhéag de Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising. Bunaithe ar ár dtaighde, déanann an Uachtaránacht moltaí beartais don réimse roghnaithe.
Is gealltanas domhanda é Clár Oibre Gníomhaíochta Bhéising chun cumhacht a thabhairt do mhná, rud ar glacadh leis ag an gCeathrú Comhdháil Dhomhanda ar Mhná i 1995. Tacaímid leis an AE agus lena Bhallstáit i dtaobh faireachán a dhéanamh ar an ngealltanas idirnáisiúnta sin.
Féach saothar EIGE i dtaca le Clár Oibre Gníomhaíochta Bhéising
Ag cabhrú leis an Eoraip cumarsáid a dhéanamh
An é nach bhfuil tú cinnte cén téarma le húsáid? Soláthraítear i ngluais agus i dteasáras ar líne EIGE sainmhínithe cruinne nuashonraithe le haghaidh téarmaí tábhachtacha a bhaineann leis an gcomhionannas inscne. Is ar an gcaoi sin a gcuirimid le comhthuiscint ar fud an AE.
Rinneadh an ghluais a aistriú go 23 teanga AE.
Bíonn ár ngluais ag éabhlóidiú agus ag athrú i gcónaí. Is amhlaidh an scéal le teangacha. Mol do chuid nuashonruithe féin – cuideoidh tú leis an bhfás dá réir sin.
Fiosraigh an Ghluais agus Teasáras
Rochtain a thabhairt ar acmhainní ollmhóra
Agus breis is 500 000 acmhainn ar fáil ann, is ionad ilfhreastail é Leabharlann EIGE (RDC) maidir le faisnéis inscne. Cuardaigh ár mbailiúchán i gcomhair doiciméid bheartais, leabhair, ailt, staidéir, sainbhunachair shonraí agus tuilleadh.
Oibrímid i dteannta le mórionaid doiciméadachta agus faisnéise Eorpacha a bhfuil speisialtóireacht acu i réimse an chomhionannais inscne chun an tseirbhís sin a sholáthar.
Ní bhíonn go leor de na hacmhainní sin ar fáil i leabharlanna poiblí eile.
Saineolaithe agus díograiseoirí a thabhairt le chéile
Má tá tú ag lorg comhpháirtithe chun na cúrsaí sin a phlé leo, nó má tá tú ag iarraidh do chuid oibre a chur chun cinn – ba chóir úsáid a bhaint as EuroGender.
Tá ardán ar líne EIGE an-úsáideach ar fad maidir le heolas i dtaobh an chomhionannais inscne a fháil agus a chomhroinnt. Trí chlárú, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le lucht ceaptha beartas, le saineolaithe agus le heagraíochtaí ó gach cearn den AE atá gníomhach sa réimse sin. Iarr orthu comhairle a chur ort agus roinn do chuid tuairimí leo.
Labhraímis le chéile
Bíonn EIGE an-sásta i gcónaí nuacht a scaipeadh agus rannpháirtíocht a chothú le spriocphobail níos leithne. Coinnigh cothrom le dáta le gníomhaíochtaí EIGE ar líne trínár láithreán gréasáin agus trínár gcainéil eile chumarsáide.
Má ritheann ceist leat, ná bíodh aon leisce ort dul i dteagmháil linn ag eige.sec@europa.eu
Chun coinneáil cothrom le dáta ar an eolas is déanaí faoin nuacht agus faoi imeachtaí, lean muid ar Facebook, Twitter agus LinkedIn nó glac síntiús le nuachtlitir EIGE