EIGE - Lárionad Eolais an Aontais Eorpaigh um Chomhionannas Inscne

Is lárionad neamhspleách sinn agus is é an lárionad an phríomhfhoinse eolais maidir le comhionannas inscne san Aontas Eorpach. Cabhraímid le hAontas Comhionannais a dhéanamh den Aontas Eorpach, áit a mbeidh saoirse ag mná agus ag fir, ag cailíní agus ag buachaillí ina n-éagsúlacht ar fad tabhairt faoin mbealach a roghnaíonn siad sa saol, áit a mbeidh comhdeiseanna acu dul chun cinn a dhéanamh, agus áit inar féidir leo páirt chothrom a ghlacadh inár sochaithe agus na sochaithe sin a threorú freisin.

Cabhraíonn saineolas uathúil, taighde, sonraí agus uirlisí EIGE le lucht ceaptha beartas bearta a cheapadh atá cuimsitheach, claochlaitheach agus a chuireann comhionannas inscne chun cinn i ngach réimse den saol. Cuirimid ár saineolas in iúl go héifeachtach agus oibrímid go dlúth le comhpháirtithe chun feasacht a ardú ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal náisiúnta, agus i dtíortha is iarrthóirí AE agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha.

Chun tacú le cur chun cinn an chomhionannais inscne san Aontas Eorpach, déanaimid an méid seo a leanas:

  • Taighde a chur ar fáil, sonraí maidir le comhionannas inscne a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu le dearcadh trasnach;
  • Modhanna a fhorbairt chun staidreamh inscne agus bailiúcháin sonraí a fheabhsú;
  • Ár sonraí agus ár bhfaisnéis inchomparáide agus iontaofa a chur in iúl le cur chuige dóchasbhunaithe;
  • Staid an chomhionannais inscne a thomhas ar leibhéal an AE agus ar leibhéal na mBallstát araon;
  • Uirlisí modheolaíochta a fhorbairt agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do phríomhshruthú inscne i ngach beartas AE agus náisiúnta;
  • Comhoibriú le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh; leis na Ballstáit; le heagraíochtaí idirnáisiúnta; le heagraíochtaí neamhrialtasacha; le heagraíochtaí comhdheiseanna; le hollscoileanna agus saineolaithe; le lárionaid taighde; le comhpháirtithe sóisialta agus comhlachtaí gaolmhara; leis na meáin, agus lenár gcomhghníomhaireachtaí AE.