Description

teaghlach inar duine fásta baineann é an t-aon duine nó an príomhdhuine a tháirgeann ioncam agus a dhéanann cinntí

Additional notes and information

I bhformhór na dtíortha, ní bhreathnaítear ar mhná de ghnáth mar cheannairí teaghlaigh mura bhfuil aon duine fásta fireann ina gcónaí go buan sa teaghlach. Glactar leis gur duine fásta fireann i gcónaí a bheidh mar cheannaire an teaghlaigh, fiú amháin más mar an gcéanna nó níos airde ná an fear an méid airgid a chuireann an bhean ar fáil i leith chothabháil an teaghlaigh, agus is cineál de chlaonadh inscne é. I dtíortha i mbéal forbartha, tá treocht ghinearálta ann go bhfuil líon na mban a bhíonn mar phríomhfhoinse tacaíochta eacnamaíochta dá dteaghlaigh ag dul i méid.