Description

fostaíocht ina n-oibríonn an t-oibrí níos lú uaireanta ná na gnáthuaireanta oibre lánaimseartha

Additional notes and information

D'fhéadfaí na huaireanta oibre lánaimseartha a ríomh, mar shampla, ar bhonn laethúil, seachtainiúil, míosúil nó ar bhonn bliantúil fiú, nó de réir meántréimhse fostaíochta. Tá ró-ionadaíocht ag mná i bpoist pháirtaimseartha agus mar sin de bíonn siad thíos leis mar gheall ar mhíbhuntáistí a bhaineann le hobair pháirtaimseartha, mar shampla gan go leor ioncaim a thuilleamh chun neamhspleáchas eacnamaíoch a bhaint amach, níos lú deiseanna gairme acu agus pinsin níos lú a fhabhrú, go háirithe agus iad fostaithe i (mion)phoist pháirtaimseartha fhorbhásacha. Mar sin féin, is féidir le hobair pháirtaimseartha fhónta cur le rannpháirtíocht mhéadaithe na mban sa mhargadh saothair. Ní mar a chéile atá nósanna i dtíortha éagsúla maidir leis an tslí a mbreathnaítear ar an obair pháirtaimseartha i gcoitinne agus go háirithe maidir leis an tslí a mbreathnaíonn na páirtithe sóisialta uirthi. Is féidir obair pháirtaimseartha a mheas mar tháirge deiridh atá ag teacht le róil thraidisiúnta inscne, ina gcuirtear béim ar na míbhuntáistí a bhaineann le hobair pháirtaimseartha maidir le cúrsaí pá, ardú céime, cearta pinsin, etc. Ar an láimh eile, is féidir go mbreathnaítear uirthi mar mhodh chun an rannpháirtíocht sa mhargadh saothair a mhéadú - agus dá bhrí sin, go pointe áirithe ar a laghad, neamhspleáchas eacnamaíoch – i dtaca le mná de.