Description

bean nó girseach gan tionlacan a d’fhág a tír thionscnaimh chun cosaint idirnáisiúnta a lorg

Additional notes and information

D'fhéadfaí go ndearna sí iarratas go foirmiúil ar stádas mar dhídeanaí ach nach bhfuil sí fós aitheanta mar sin ag an gcomhlacht náisiúnta tearmainn is infheidhme nó nár chuir sí iarratas isteach ar stádas trína héileamh a chur isteach. Ní shainmhínítear an téarma 'iarrthóir tearmainn' faoi aon ionstraim dlí idirnáisiúnta agus tá sé faoi réir sainmhínithe de réir an dlí náisiúnta. Cé gur sainchumas an stáit é stádas dídeanaithe a dheonú, faoi réir roinnt eisceachtaí, tá stádas dídeanaithe dearbhaitheach seachas cinntitheach: is é sin, ní dídeanaithe iad daoine mar gheall ar aitheantas, ach aithnítear iad toisc gur dídeanaithe iad. Ní dhéanfar gach bean atá ag lorg tearmainn a aithint mar dhídeanaí ar deireadh thiar, ach is iarrthóir tearmainn gach dídeanaí mná i dtosach báire.