Description

cúnamh a sholáthraíonn an stát do dhaoine nach bhfuil go leor acmhainní airgeadais acu chun iad féin a chosaint sa chúirt nó chun imeachtaí breithiúnacha a thabhairt.

Additional notes and information

Ar an gcaoi sin, baineann cúnamh dlíthiúil go príomha le hionadaíocht dhlíthiúil sa chúirt. Mar sin féin, d’fhéadfadh comhairle dhlíthiúil a bheith i gceist le cúnamh dlíthiúil freisin: gach duine a bhfuil fadhb dhlíthiúil aige ní gá go dtabharfadh sé an fhadhb sin chun na cúirte. Go minic is den ríthábhacht iad an cúnamh dlíthiúil agus an chomhairle dhlíthiúil chun a ráthú go bhfuil rochtain ó thaobh na heacnamaíochta de ar an gceartas agus ar an gceart chun leigheas cothrom a fháil, go háirithe d’íospartaigh mná an fhoréigin bhaile agus do mhná ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, amhail imircigh mná.